LIFE LMC Éireann

Cosain
Athchóirigh
Cothaigh

Le chéile

Tá tionscadal LIFE LMC Éireann dírithe ar an líonra Éireannach de Limistéir Mhuirí faoi Chosaint (LMCanna) a leathnú go suntasach chun sprioc 30% de chlúdach an limistéir mhuirí a bhaint amach faoi 2030.

Is é an phríomhsprioc atá aige ná cur go mór le héiceachórais mhuirí na hÉireann a chosaint, a chaomhnú agus cabhrú lena n-athshlánú agus ar an gcaoi sin tacú le Dea-Stádas Comhshaoil a bhaint amach inár dtimpeallacht mhuirí.

Go hoibríochtúil, scrúdóidh agus forbróidh an tionscadal bearta caomhnaithe limistéarbhunaithe do raon leathan speiceas, gnáthóg leochaileacha agus gnéithe íogaire eile a dteastaíonn cosaint uathu bunaithe ar eolas reatha agus ar fhianaise eolaíoch.

Déanfar na bearta seo i bhfoirm LMCanna, mar aon lena gcuspóirí caomhnaithe agus a bpleananna bainistíochta, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara agus na saoránach. Cinnteoidh sé seo próiseas láidir agus fiúntach chun LMCanna a ainmniú agus a bhainistiú in Éirinn.

Tá tionscadal LIFE LMC le bheith ar siúl ar feadh naoi mbliana suas go dtí 2033, agus is comhpháirtíocht é idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil na Gaillimhe.

Tá an tionscadal comh-mhaoinithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus clár LIFE an Aontais Eorpaigh.

Arna chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Ollscoil na Gaillimhe